Wiki na mBan Erasmus+/Foireann Uirlisí Scoile/Scileanna taighde

This page is a translated version of the page WikiWomen Erasmus+/Schools toolkit/Research skills and the translation is 95% complete.
Outdated translations are marked like this.

Ceacht 5: Scileanna taighde

Introduction (10 minutes):

  • Cuir fáilte roimh na daltaí agus cuir ábhar an cheachta i láthair.
  • Leid 1: "Cén fáth a bhfuil sé ríthábhachtach foinsí iontaofa a bheith agat agus tú ag scríobh faoi phearsana nó imeachtaí stairiúla?"
  • Pléigh an tábhacht a bhaineann le foinsí iontaofa i dtaighde agus an tionchar a bhíonn acu ar chaighdeáin eolais.

Pointí Plé a d’fhéadfadh teacht chun cinn:

  • Cruinneas agus Creidiúnacht:
    • Cinntíonn foinsí iontaofa go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus iontaofa.
    • Gan iontaofacht, d’fhéadfadh míchruinneas nó peirspictíochtaí claonta a bheith san áireamh in insintí stairiúla.
  • Ionracas Stairiúil a Chothú:
    • Cuidíonn foinsí iontaofa le sláine taifead stairiúil a chaomhnú.
    • Cabhraíonn sé le saobhadh nó ionramháil fíricí a sheachaint thar am.
  • Ag Tógáil Iontaobhas i bhFaisnéis:
    • Tá muinín ag léitheoirí agus taighdeoirí as faisnéis atá ar fáil i bhfoinsí iontaofa.
    • Feabhsaítear inchreidteacht na gcuntas stairiúil agus iontaofacht fhoriomlán an scéil.
  • Mífhaisnéis a Sheachaint:
    • Má úsáidtear foinsí neamhiontaofa is féidir faisnéis mhícheart a scaipeadh.
    • Feidhmíonn foinsí iontaofa mar chosaintí in aghaidh scaipeadh míchruinnis stairiúla.
  • Piarmheasúnú agus Bailíochtú
    • Téann go leor foinsí iontaofa faoi phróiseas piarmheasúnú.
    • Cuireann ábhair phiarmheasúnaithe céim breise bailíochtaithe le faisnéis stairiúil.
  • Peirspictíochtaí Cothromaithe a Chinntiú:
    • Cuidíonn foinsí iontaofa le tuiscint níos cuimsithí agus níos cothroime ar imeachtaí stairiúla.
    • Trí úsáid a bhaint as foinsí creidiúnacha iolracha cuirtear radharc cruinn ar fáil, rud a laghdaíonn an claonadh.
  • Caighdeáin Oideachais agus Acadúla:
    • Seasann institiúidí acadúla agus oideachais le húsáid foinsí iontaofa.
    • Spreagann sé cloí le caighdeáin dhian, ag cur cáilíocht taighde níos airde chun cinn.

Díospóireacht Ranga (10 nóiméad)

  • Leid 2: "Cad iad na bearnaí atá tugtha agaibh faoi deara sna hailt atá léite agaibh go dtí seo? Conas is féidir libh na bearnaí sin a líonadh le faisnéis chruinn?"
  • Sleamhnán: Pléigh na difríochtaí idir bunfhoinsí, foinsí tánaisteacha agus treasacha. Tabhair samplaí chun gach cineál a léiriú.
  • Leid 3: "An féidir libh smaoineamh ar shamplaí de bhunfhoinsí a bhaineann le mná suntasacha sa stair? Cén chaoi a bhféadfadh na foinsí seo léargais luachmhara a thabhairt?"

Réamhrá ar Theicnící Taighde (10 nóiméad):

  • Teicnící éifeachtacha taighde a mhíniú, lena n-áirítear úsáid a bhaint as bunachair shonraí ar líne, leabharlanna, agus irisí acadúla.
  • Is féidir iad seo a athrú ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil don rang
  • Is féidir na samplaí a thugtar sa deic sleamhnáin a athrú chun freastal ar gach réigiún
  • Tabhair comhairle dóibh faoi ardchuardaigh a dhéanamh agus úsáid a bhaint as eochairfhocail chun faisnéis ábhartha a fháil.
  • Taispeáin gach bunachar sonraí agus tú ag féachaint ar na samplaí chun a thaispeáint do na daltaí conas is féidir leo iad a úsáid dá dtaighde féin.
  • Cuir béim ar an tábhacht a bhaineann le hinchreidteacht foinsí ar líne a sheiceáil agus úsáid a bhaint as foinsí agus bunachair shonraí a bhfuil a fhios againn go bhfuil siad mar foinsí iontaofa agus a ndéantar cothabháil orthu.

Gníomhaíocht: Úsáid a bhaint as Acmhainní - Gníomhaíocht Taighde Treoraithe (15 nóiméad):

  • Tabhair foinsí samplacha leo a bhaineann le bean shuntasach óna réigiún.
  • I ngrúpaí, úsáideann na daltaí an liosta acmhainní chun taighde a dhéanamh ar bhean shuntasach (is féidir leis an múinteoir é seo a roghnú as an liosta nó as bearnaí a aithníodh roimhe seo i nGníomhaíocht Gap Finder)
  • Tabhair treoir do dhaltaí conas rochtain a fháil ar bhunachair shonraí ar líne, ar leabharlanna, nó ar irisleabhair acadúla chun taighde treoraithe a dhéanamh ar bhean shuntasach óna réigiún.
  • Má tá leathanach ar Vicipéid ag an mbean seo cheana féin, iarr ar na daltaí an t-eolas atá ann a chur i gcomparáid leis an eolas a fhaigheann siad trína gcuid thaighde.
  • An bhfuil na foinsí a úsáideann siad liostaithe ar an leathanach Vicí?
    • Spreag iad le díriú ar bhunfhoinsí nó ar ailt acadúla a bhaineann leis an mbean roghnaithe a aimsiú.

Tabhair 10 nóiméad do na daltaí é seo a dhéanamh.

  • Téigh timpeall chun cabhrú le mic léinn lena gcuid fiosrúcháin taighde agus tabhair treoir ar straitéisí cuardaigh éifeachtacha.
  • Tabhair an grúpa ar ais le chéile chun an t-eolas a fuair siad a phlé, ar feadh 5 nóiméad.
  • Cuireann gach grúpa a n-anailís i láthair an ranga, ag plé láidreachtaí agus laigí na bhfoinsí.

Críoch (5 nóiméad):

  • Achoimre ar an tábhacht a bhaineann le foinsí iontaofa agus na hidirdhealuithe idir bunfhoinsí, foinsí tánaisteacha agus treasacha.
  • Cuir béim ar luach anailís chriticiúil a dhénamah agus iad ag déanamh athbhreithniú ar fhoinsí taighde.

Tasc obair bhaile:

  • Ba chóir do gach dalta a dheimhniú cén duine a mbeidh siad ag déanamh taighde air agus a n-alt a scríobh don chéad cheacht eile.
  • Tá cead acu anois tosaigh ar liosta acmhainní a bhailiú, bunaithe ar an liosta foinsí agus bunachair shonraí a chuirtear ar fáil.
  • Spreag iad a gcuid Chláir Dubh a úsáid agus iad ag déanamh an céim seo, agus an t-eolas atá ann a shábháil chun obair a dhéanmah ar an tionscadal agus iad féin a chur i dtaithí ar Vicipéid.

'Nóta: Spreag rannpháirtíocht ghníomhach le linn díospóireachta ranga agus taisc ghrúpa, ag cothú timpeallacht inar féidir le daltaí a gcuid léargais a roinnt agus foghlaim óna chéile. Tá sé mar aidhm ag an gceacht seo na scileanna a thabhairt do dhaltaí chun foinsí iontaofa a aithint agus a úsáid go héifeachtach, ag cinntiú cruinneas agus an-rannpháirtíochta sa tionscadal.