Wiki na mBan Erasmus+/Bunús le hEagarthóireacht na Vicipéide
Uirlisí na Daltaí
Bunús le hEagarthóireacht na Vicipéide
Sa chéim seo, foghlaimíonn na daltaí na bunscileanna eagarthóireacht don Vicipéid. Tá ábhair, leabhráin agus treoracha ar conas leathanaigh Vicipéide a chruthú agus iad a chur in eagar san fhillteán seo. Chomh maith leis sin, cuimsíonn sé treoir ar conas is féidir Vicipéid a úsáid mar uirlis teagaisc.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil sé cabhrach eolas éigin a bheith agat ar conas a oibríonn sé roimhe an rang agus tú ag múineadh do dhaltaí conas oibríonn an Vicipéid. Mar sin molaimid duit páirt a ghlacadh sa phróiseas roimh ré.
Tar éis duit roinnt eolais a fháil, beidh tú in ann tús maith a fháil san ábhar le do mhic léinn agus fáil amach faoi gach rud a bhfuil le fail ag an gcúrsa.
Is minic a bhíonn grúpaí ón bhForas Wikimedia ar bís lena gcuid eolais agus spéise in an Vicipéid a roinnt. Cuimhne a choinneáil go mbeidh difríocht idir an leibhéal tacaíochta atá ar fáil ag brath ar an teanga a scríobhann tú.
Mar shampla, beidh níos mó daoine ag obair ar Vicipéid i dteanga a labhraítear go coitianta ar nós an Bhéarla ná mar a bheidh i dteanga níos lú ar nós an Bhreatnais.
Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le do Phobal Wikimedia áitiúil chun cabhair agus tacaíocht a fháil.
Ag obair leis an Vicipéid
Eolas faoin ábhar seo | ||
---|---|---|
Treoir | Conas an t-eagarthóir amhairc a úsáid ar an Vicipéid | https://www.mediawiki.org/wiki/Help:VisualEditor/User_guide |
Leabhrán | Conas Vicipéid a chur in agar | https://commons.wikimedia.org/wiki/Category:Editing_Wikipedia_brochure |
Leabhrán | Vicipéid a mhaisiú | https://commons.wikimedia.org/wiki/Category:Illustrating_Wikipedia_brochure_screenshots_in_English |
Leabhrán | Conas Vicipéid a úsáid mar uirlis teagaisc | https://commons.wikimedia.org/wiki/Category:Instructor_Basics_brochure |
Cabhair | Liostaíonn an leathanach seo roinnt áiteanna inar féidir leat ceisteanna a chur nó tuairimí a thabhairt. | https://en.wikipedia.org/wiki/Wikipedia:Questions |
Treoir | Léargas ar eagarthóireacht | https://twitter.com/Motherfocloir/status/989421611383230464?s=19 |
Cleachtaí Ranga
Tascanna an mhic léinn
- Cruthaigh cuntas
- Aimsigh agus cruthaigh a leathanach úsáideora
- Déan triail eagarthóireachta ar a gClár Dubh