Wiki na mBan Erasmus+/Foireann Uirlisí Scoile/Bunúsacha Eagarthóireachta Vicipéide
Ceacht 3: Bunúsacha Eagarthóireachta Vicipéide
Toradh Ceachta
- Bunphrionsabail eagarthóireachta ar Vicipéid a fhoghlaim
- Cruthaigh cuntas, dean do bhealach trí leathanaigh úsáideora agus Clár Dubh.
- Tuiscinet a fháil maidir le difríochtaí idir an príomhspás agus dréacht-ailt
- Conas a bheith rannpháirteach i gcumarsáid ómósach sna díospóireachtaí ar an Leathanach "Plé".
- Fad an Cheachta: 40 nóiméad — PDF i mBéarlaSleamhdán a aistriú
Réamhrá (10 nóiméad):
- Fáilte agus Dul Siar: Déan athbhreithniú gairid ar phríomhphointí an cheachta roimhe seo faoin Vicipéid agus a thábhacht.
- Spreag Plé Ranga:
Cén fáth a bhfuil eagarthóireacht chomhoibríoch tábhachtach? Conas is féidir le cumarsáid mheasúil comhoibriú ar ardáin mar Vicipéid a fheabhsú?
Bunúsacha Eagarthóireachta Vicipéide - Léiriú Deic Sleamhnáin (10 nóiméad) Deic Sleamhnáin: Cuir deic sleamhnáin i láthair ar bhunúsacha eagarthóireachta, ag plé topaicí cosúil le cuntas Vicipéid a chruthú, leathanaigh úsáideora a aimsiú agus a chur in eagar, agus an Clár Dubh a thuiscint.
- Leathanaigh Úsáideora a chruthu agus a aimsiú
- Clár Dubh
Obair Aonair (15 nóiméad)
- Gníomhaíocht 1:
Cruthú Cuntas (5 nóiméad):
Treoraigh na daltaí tríd an bpróiseas chun cuntas Vicipéid a chruthú. Cinntigh go dtuigeann siad an tábhacht a bhaineann le hainm úsáideora agus pasfhocal a roghnú.
- Gníomhaíocht 2:
Leathanach Úsáideora agus Clár Dubh (10 nóiméad):
Tabhair treoir do dhaltaí a leathanaigh úsáideora a aimsiú agus a chur in eagar. Ansin, treoraigh iad agus iad ag déanamh eagarthóireachta tástála ar an gClár Dubh. Spreag cruthaitheacht ina gcuid athruithe ar bhosca gainimh.
- Is féidir leo tuilleadh cleachtadh ar leathanach úsáideora, athruithe ar an gClár Dubh agus ar Leathanaigh Phlé a dhéanamh mar chuid den obair bhaile.
Príomh-roghchlár agus Dréachtaí a Thuiscint (5 nóiméad)
- Mínigh na difríochtaí idir ailt ar an bpríomhspáis (ailt bheo le feiceáil ar an ardán poiblí) agus dréacht-ailt (obair idir lámha) nó an Clár Dubh (spás tástála pearsanta).
- Spreag Plé Ranga:
Cén fáth a gceapann sibh go bhfuil spás ann do dhréacht-ailt agus spád eile d’ailt bheo? Conas a chuideodh sé seo leis an bpróiseas eagarthóireachta?
Réamhrá don Leathanach "Plé" (3 nóiméad)
- Mínigh coincheap an leathanaigh "Plé", áit a bpléann na heagarthóirí athruithe agus feabhsúcháin ar ailt.
- Spreag Plé Ranga:
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach spás speisialta a bheith agat chun athruithe ar alt a phlé? Conas is féidir leis cabhrú le caighdeán na n-alt Vicipéid a choinneáil?
Obair Ghrúpa:
Caint Bréige ar Leathanach "Plé" (10 nóiméad)
- Eagraigh na daltaí i ngrúpaí beaga.
- Cuir alt samplach ar fáil agus tabhair tasc feabhsúcháin ar leith do gach grúpa (m.sh., ag cur foinse leis, ag scríobh abairt nó alt breise).
- Tabhair treoir do na grúpaí a gcuid athruithe molta a aontú ar leathanach bréige "Plé".
- Spreag Gníomhaíocht Ghrúpa:
Pléigh agus aontaigh ar na hathruithe a dhéanfá chun an t'alt roghnaithe a fheabhsú. Cleachtaigh cumarsáid mheasúil le linn an phlé.
Críoch agus Tasc Obair Bhaile (2 nóiméad)
- Béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid ómósach san eagarthóireacht chomhoibríoch.
- Tabhair obair bhaile:
Ba chóir do gach dalta eagarthóireacht shuntasach amháin a dhéanamh ar a gClár Dubh agus páirt a ghlacadh i bhfíor-phlé leathanach "Caint" ar alt spéise Vicipéid. Ba chóir dóibh machnamh a dhéanamh ar a dtaithí le plé sa chéad rang eile.
- Is féidir leis an teagascóir Ábhar Plé a shocrú.
Nótaí don Éascaitheoir/Múinteoir:
- Spreag rannpháirtíocht ghníomhach agus cleachtas praiticiúil le linn tascanna ina n-aonair.
- Soláthraíonn an ghníomhaíocht ghrúpa tuiscint phraiticiúil ar eagarthóireacht chomhoibríoch agus cumarsáid ar Vicipéid.
- Cuir i gcuimhne do dhaltaí meas a bheith acu ar threoirlínte agus rialacha Vicipéid agus iad ag déanmah eagarthóireacht agus ag caint le dhaoine eile ar alt.
- Acmhainn ag teastáil: Leathanach siniú isteach chun na daltaí a n-ainmneacha úsáideora a scríobh síos.